CEARTA TEANGA SAN EORAIP – beart do 2004 de dhíth!
I rith na bliana 2004 méadófar an tAontas Eorpach agus beidh toghcháin eorpacha ann. Ach fós nil aon réiteach faighte ar cheist na dteangacha. Tá an fhadhb sin i bhfolach faoi cheileatram de ilteangachas bréige a thugann tús áite do thrí theanga chumhachtacha. Fágann sin go bhfuilimid i gcontúirt theacht faoi smacht ag na teangacha sin mar thúscheim, agus ag aon teanga amháin acu i ndeireadh báire. Déanfaidh seo léirscrios ar shaibhreas teanga agus cultúir na hEorpa. Sin an fáth a dtacaíonn lucht Esperanto leis an mholadh go n-úsáidfí idirtheanga neodrach, neamheisiach, teanga a cheadódh comhurraim do achan teanga eile agus a rachadh chun sochair don daonlathas in imeachtaí uile an Aontais Eorpaigh.
Chuige seo tá léirsiú á eagrú ar bhonn uile-Eorpach ar mhaithe leis an daonlathas i gcúrsaí teanga.. Sé príomhchuspóir na hagóide seo díospóireacht fhorleathan a thionscnamh, le cabhair na meán cumarsáide a bheidh ag trácht ar an léirsiú, chun aire an phobail a dhíriú ar an fhadhb, rud ar féidir go musclóidh sé na polaiteoirí as suan na faille . Chun an sprioc seo a bhaint amach, áfach, caithfimid bheith líonmhar, taibhseach, ildathach ar láthair an léirsithe. B’iad lucht Esperanto a cheap an feachtas seo agus scaipfidh gach cumann Esperanto eolas faoin bheart ina cheantar agus ina thír féin.
EUROPA BUNTO an teideal a bheidh ar an léirsiú, agus ciallaíon sin "Ildathachas na hEorpa". Léirionn an t-ainm sin an taobh féiltiúil, taibhseach den agóid seo faoi éagsúlacht teanga.
Tabharfaidh an léirsiú na dreamanna seo le chéile:
Áit : Strasburg na Fraince, taobh le Pairlimint na hEorpa agus Comhairle na hEorpa
Dáta : Domhnach, 7 Bealtaine 2004 ( Lá na hEorpa)
Foirm : Bhur rogha féin maidir leis an teanga agus an teachtaireacht a bheidh ar bhur meirgí, fhad is nach sáraítear an "Forógra um Chearta Daonna agus Chearta Saoránaigh na hEorpa"
Seirbhís Eolais : Preasócáid ar a mbeidh gach teanga ar chomhchéim. Córas aistriúcháin ar fáil do achan teanga sa láthair
CÁBHAR AN tSUÍOMH IDIRLÍN SEO
Prezento (Cur i láthair) : Cur síos ginearálta ar an léirsiú agus an suíomh i gcuid mhór teangacha Eorpacha (Bheimis buíoch as aistriúchán den leathanach seo i bhur dteanga dhúchais.: seoltar an t-aistriúchán chuig europa.bunto@eraro.com)
Partneraj asocioj (Cumainn Chomhpháirteacha) : liosta de na cumainn uilig (maille le sonraí faoina leathanach fáilte má tá a leithéid acu) a dúirt go mbeadh siad páirteach go hoifigiúil sa léirsiú
Kunveturado (Chomhthaisteal) : liosta iarratas agus tairiscintí maidir le taisteal i gcuideachta a chéile go dtí Strasburg
Sloganoj & materialo (Sluadhánta agus ábhar eile) : liosta moltaí i dtaca le manaí, sluadhánta srl do na meirgí – agus ábhar meallacach eile
Dissendolisto (Pléliosta) : liosta de na daoine a bheidh ag eagrú an léirsithe. Esperanto an phríomhtheanga oibre. Féadann sibh clárú leis an liosta seo ach teachtaireacht ‘bhán’ a chur chuig: europa-2004-subscribe@yahoogroupes.fr
Kontakto (Teagmháil) : modhanna teagmhála chun ceisteanna a chur ar eagraitheoirí ("organizantoj") agus rúnaí feidhme an léirsithe ("sekretario"),nó chun moltaí a chur i dtaobh sluadhánta, taisteal i gcuideacha srl. nó chun aistriúchán a chur chuig ceannaire an tsuíomh idirlín ("TTT-estro")
Ligoj (Naisc) : Roint nasc atá ag baint leis an Eoraip agus le cúrsaí teanga
(tradukis irland-gaelen : Breandain O' Mearain)